| Oifigí |
 |
Ón tús amach bhí comhlachtaí agus eagrais
eile Ghaeilge lonnaithe sa Chultúrlann. Thosaigh Meánscoil
Feirste anseo, an chéad ghaelscoil dara leibhéal i dTuaisceart
na hÉireann, agus bhí oifigí ag an nuachtán
'Lá', Forbairt Feirste agus Comhairle na Gaelscolaíochta
san am atá caite. Seo a leanas na grúpaí atá
bunaithe sa Chultúrlann i láthair na huaire:
Pobal
Aisling Ghéar
Aisling Ghéar is Irelands’ only professional theatre company delivering great shows through the medium of Irish language and it’s based in Belfast ‘Norn Iron’!! Proud to be the resident theatre company in this unique, landmark building and making a contribution towards the development of a Gaeltacht Quarter within the city, Aisling Ghéar will be celebrating its’ 10 th Anniversary in 2007. Since its’ inception the company has produced work of consistently high quality from playwrights as diverse as - Machiavelli, Biddy Jenkinson, Brian Friel, Dario Fo and Willy Russell. Each and every performance is accompanied by simultaneous translation via personal headset. Contact (048) 9020 8040 if calling from ROI and (028) 9020 8040 if calling within UK, for details of our up and coming shows.
E-mail: carrie.anne@aislingghear.com or brid@aislingghear.com
Scannáin Aisling Ghéar
Faoi stiúir ag Gearóid Ó Cairealláin
agus Máire Uí Mhaoilchiaráin, díríonn
Scannáin Aisling Ghéar go príomha ar scannáin
chultúir, pholaitíochta agus drámaíochta
le haghaidh TG4. Lena chois sin, soláthraíonn Scannáin
Aisling Ghéar Cois Cuain, irischlár seachtainiúil
a chraoltar ar NVTV, teilifís áitiúil Bhéal
Feirste. De chuspóirí Scannáin Aisling Ghéar
áiseanna a chur ar fail agus cuidiú leis an phobal
Gaelach i mBéal Feirste a gcuid clár teilifíse
féin a dhéanamh. Is féidir teagmháil
a dhéanamh ag an uimhir ghutháin 028 9020 8040, agus
is é eolas@aislingghéar.tv
an seoladh ríomhphoist.
Raidió Fáilte
Raidió Fáilte 107.1 fm 
Raidió pobail Gaeilge Bhéal Feirste - seirbhís chuimsitheach, ilghnéitheach, ghairmiúil raidió trí mheán na Gaeilge ar fud Bhéal Feirste (agus ar fud an domhain, tríd an idirlín).
Más maith leat a bheith páirteach ins an tionscadal rí-thábhachtach seo nó más féidir leat síntiús a thabhairt nó fógraíocht a dhéanamh, déan teagmháil linn
…agus bígí ag éisteacht ar 107.1fm
Is leis an phobal é, Raidió Fáilte. Tá an stáisiún ag brath ar an phobal féin - idir dhaoine aonair, eagrais Ghaeilge/phobail agus chomhlachtaí áitiúla - le síntiúis/fógraíocht/urraíocht a thabhairt agus le bheith gníomhach tríd cláir a chraoladh ar bhonn deonach. Is comhlacht carthanachta é Raidió Fáilte.
Fón: +44 28 9031 0013
fergus@raidiofailte.com
maire@raidiofailte.com
www.raidiofailte.com
|