| Ionad Eolais Turasóireachta
Oifig Fáilte |
 |
I mí Bealtaine 2000, a bunaíodh Oifig Fáilte,
ionad eolais turasóireachta i gCultúrlann McAdam Ó
Fiaich. I dtús ama ba é Bord Páirtíocht
Eorpach Bhéal Feirste a mhaoinigh an togra le hairgead tionscnamh
na síochána agus tá sé anois á
choinneáil ag Oifig Athghiniúna Bhéal Feirste.
Tairgeann Oifig Fáilte seirbhís dhátheangach
do chuairteoirí. Gheobhaidh siad cuidiú le cóiríocht
a shocrú, eolas ar an cheantar áitiúil, eolas
ar áiteanna suimiúla i dTuaisceart na hÉireann
agus ar imeachtaí ar fud na cathrach. San ionad Eolais fosta
faightear foirmeacha pais agus fónchártaí idirnáisiúnta
agus stampaí.

Oifigeach Turasóireachta:
Lára Nic Giolla Ceara
Uaireanta Oscailte: Luan-Aoine 9:30-5.30
Teil: 028 90964188
r-phost: oifigfailte@culturlann.ie
|