| Seomrai Ceardlainne |
 |
Sa spás ceardlainne bíonn ceardlanna ealaíne
agus ceoil go rialta againn do pháistí agus do dhaoine
fásta le Gaeilge. Tagann Comhluadar, grúpa tacaíochta
do theaghlaigh Ghaeilge, le chéile ansin uair sa mhí.
Bíonn ranganna seachtainiúla Gaeilge ansin a riarann
do gach leibhéal agus a dhíríonn ar chomhrá
agus shiamsaíocht chomh maith le ranganna ealaíne
agus ceoil.
Ar na grúpaí eile atá
lonnaithe sa Chultúrlann tá:
Comhluadar
Uair sa mhí a thagann Comhluadar, scáthghrúpa
na dteaghlach Gaeilge, le
chéile. Bíonn gníomhaíochtaí
ealaíne agus ceoil ann do na páistí chomh maith
le laethanta amuigh, agus deis ag tuismitheoirí caidreamh
a dhéanamh ag ól
cupán tae. Bíonn fáilte roimh theaghlaigh Ghaeilge.

Cór Loch Lao
Aon chór Gaeilge Bhéal Feirste a tosaíodh sa
Chultúrlann in 2001. Á stiúradh ag an Dr. Mánas
Ó Baoill, mheall sé suas le caoga ball chuige ó
Éirinn agus ón choigríoch. Cór ceithre
pháirt atá ann a thagann le chéile gach oíche
Mháirt le rogha ilghnéitheach cheoil chóir,
traidisiúnta agus comhaimseartha, a chleachtadh. Cuirtear
fáilte roimh bhaill úra i rith na bliana agus gheobhaidh
foghlaimeoirí Gaeilge taca teanga. Rinne Cór Loch
Lao a lán léirithe poiblí go dtí seo
agus tá ceangail cheoil déanta aige le cóir
cheilteacha eile in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus in Albain.

An Ciorcal Amhránaíochta,
Lucht Ceolta Tíre
Dóigh neamhfhoirmiúil le hamhráin Ghaeilge
a chomhroinnt. Tagann daoine a bhfuil spéis acu san amhránaíocht
le chéile an Domhnach deiridh de gach mí le hamhráin
thraidisiúnta Ghaeilge a theagasc, a fhoghlaim agus le sult
a bhaint astu. Cuirtear fearadh na fáilte roimh gach cineál
Gaeilgeora. Imeacht breise den chiorcal seo is ea An
Fhéile Amhranaíochta - imeacht
bliantúil anois le taca Iomairt Cholm Cille, agus amhránaithe
ó cheantair
uile Ghaeltachta na hÉireann agus na hAlban ag teacht ann
a theagasc amhrán
óna gceantair féin. Chomh maith leis na ceardlanna
bíonn ceolchoirm phoiblí
ann agus ciorcal amhránaíochta neamhfhoirmiúil.

|