| Fáilte go dtí
an Chultúrlann |
 |
Comhartha sóirt ar spéirlíne Iarthar Bhéal
Feirste le breis agus céad bliain, tá Cultúrlann
McAdam Ó Fiaich, 216 Bóthar na bhFál, i gcroílár
phobal Gaeilge Bhéal Feirste. I 1991 a bunaíodh í
i seaneaglais Phreispitéireach an Phríomhbhealaigh,
agus ainmníodh í as Roibeard McAdam, fear gnó
Preispitéireach a bhí ar cheannródaithe athbheochan
na Gaeilge i mBéal Feirste sa 19ú céad agus
Tomás Ó Fiaich, crann seasta na Gaeilge san fhichiú
céad.

Sa lá inniu tá bialann 130 suíochán
sa lárionad 3 urlár cultúir agus ealaíon,
amharclann/fairsing chomdhála 110 suíochán,
dánlann Gerard Dillon áit a mbíonn taispeántais
ar bhonn rialta, siopa leabhar/bronntanas a riarann ar lucht spéise
Gaeilge agus Gaelachais. Is ann fosta atá ionad oifigiúil
eolais turasóireachta a chuideoidh leat, i measc rudaí
eile, cóiríocht a shocrú i mBéal Feirste.
Le Teacht orainn
Ag teacht ó lár an bhaile (Sráid na Banríona),
stopann na busanna uilig taobh amuigh den Chultúrlann. Is
é an chéad stad bus é tar éis ghabhal
Bóthar na bhFál agus Broadway. Nó, tóg
tacsaí dubh ón ionad paisinéirí úr,
Gabhal an Chaisleáin. Arís, téann siad uilig
thar an Chultúrlann. Tá go leor comhlachtaí
príobháideacha tacsaí gar don ionad freisin,
mar sin níl aon deacracht maidir le tacsaí a fháil
abhaile san oíche.
Páirceáil
Tá páirceáil ar fáil ar na sráideanna
thart fán ionad.
Is ionad inrochtana í an Chultúrlann.
Ionad Comhdhála
Tá an Chultúrlann ar fáil don phobal mar ionad
cruinnithe/comhdhála.
Déan teagmháil le Lára ag 028 9096 4180 nó ag: oifigfailte@culturlann.ie
Liosta Teagmhála
Tá seirbhís eolais poist saor in aisce ar fáil
don phobal. Más mian leat cóip de chlár imeachtaí
na Cultúrlainne a fháil sa phost, déan teagmháil
linn ar ghuthán nó ar ríomhphost.
Maoinitheoirí
Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an-bhuíoch
as an mhaoiniú a fhaighimid ó na háisineachtaí
seo a leanas:
 |
|
 |
| Comhairle Ealaíon Thuaisceart
Éireann |
|
Foras na Gaeilge |
 |
|
 |
| Comhairle Cathrach Bhéal Feirste |
|
National lottery and DCAL |
 |
|
|
| Department for Social Development |
|
|
|